In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

Chuir Gearóid Ó Crualaoich tús le díospóireacht bhríomhar faoi fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge lena alt dúshlánach ‘An Nuafhilíocht Ghaeilge: Dearcadh Dána’ a foilsíodh fiche bliain ó shin san iris Innti. Is éard ba chás leis san alt ná gaol na filíochta sin leis an rud ar thug sé ‘dioscúrsa na Gaeilge’ air. Ba bhreithiúnas láidir, dearcadh dána, a nocht sé ann: ‘Ní dóigh liomsa go “labhartar” dioscúrsa na Gaeilge os ard i bhfilíocht an tsaoil nua-aimsire in aon chor ach ina gcás siúd a choimeádann suas gaol cinnte le “cainteoirí” e.g. le filí a labhair é cheana’.1 Ba ar nádúr an ghaoil sin idir filí comhaimseartha na Gaeilge agus na filí a chuaigh rompu a díríodh i sraith aistí a lean ráiteas sin Uí Chrualaoich. Bhí léamha éagsúla á ndéanamh ag criticeoirí ar ghaol filí comhaimseartha ar leith le traidisiún liteartha agus béil na Gaeilge.2 Ceann de na ceisteanna a músclaíodh sa phlé seo ar fad ab ea tábhacht an athshaothraithe ar sheanfhoinsí atá á dhéanamh ar bhealach an-chomhfhiosach ag filí áirithe Gaeilge. Is éard ba mhaith liom a dhéanamh san aiste seo ná téarmaí na díospóireachta sin a leathnú amach trí shaothair chomhaimseartha phróis a tharraingt isteach faoi raon an phlé. Is éard is cás liom go háirithe anseo ná an bealach a chruthaíonn gné na hidirthéacsúlachta agus na tagarthachta de shaothar gaol ar leith idir téacs agus a lucht léite nó éisteachta. Ba ábhar é seo freisin ar chuir Ó Crualaoich tuairimí bunúla chun cinn ina thaobh. Rinne sé é seo in alt a tharraing ar thaighde scoláirí béaloidis agus litríochta araon le paraidím nua léirmhínithe a chur ar fáil don chritic théacsúil sa Ghaeilge, bíodh an chritic sin dírithe ar théacsanna béil nó ar théacsanna scríofa. Nádúr ‘urlabhraíoch’ na litríochta a bhí faoi chaibidil aige san alt: Leis an dtuiscint atá anois againn ar nádúir ghníomhach chruthaitheach urlabhraíoch na litríochta – pé acu ar son lucht éisteachta atá i láthair nó ar son lucht léite atá i gcéin a bhíonn an cruthú agus an ghabháil – (i.e. an “performance”) chímid go gcaitheann an léann agus an soiléiriú go léir tosnú le cuntas ar an Athshaothrú an Dúchais sa Phróschumadóireacht Chomhaimseartha Máirín Nic Eoin 188 Athshaothrú an Dúchais sa Phróschumadóireacht 189 bpróiseas litríochta in situ i.e. cuntas ar chruthú, ar ghabháil, ar chaitheamh na litríochta de réir mar a thiteann sé sin amach dáiríre i measc daoine. Próiseas sóisialta is ea an chumarsáid chultúrtha is litríocht ann is cuma an scéal gaisce nó úirscéal nó haiku atá i gceist’.3 Is ag smaoineamh ar chomhthéacs sin na teagmhála idir an téacs agus pobal léitheoireachta a bheidh mé san aiste seo.4 Cad iad na réamhthuiscintí maidir le cineál, cúlra agus cáilíochtaí léitheoireachta an spriocphobail atá le brath ar na prós-saothair sin a bhfuil an t-athshaothrú ar ábhar dúchais lárnach iontu? Cén cineál oideachais sa léann dúchais a bheadh de dhíth ar léitheoirí le cinntiú go dtarlódh ‘an chumarsáid chultúrtha is litríocht ann’ agus iad á léamh? Ag tagairt don chatagóiriú úsáideach a rinne White sa bhliain 1971 ar an úrscéal nua-aoiseach a dhéanann athionramháil chruthaitheach ar mhiotais chlasaiceacha, luann Hutchinson ceithre chineál saothair: Those that re-narrate a classical myth in its entirety; those that juxtapose certain sections which narrate a myth with others that deal with a contemporary scene; those that are set in modern times but which incorporate a pattern of mythological references which stretch throughout the narrative; and finally, works in which mythological motifs prefigure part of the following narrative, but do not extend throughout the whole work.5 Nuair a fhéachaimid ar shaothair le scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge, feicfimid gur leaganacha de na trí straitéis...

Share