In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

143 Sa bhliain 1984 chuir brúghrúpa darb ainm Coiste Stiúrtha um Sheirbhís Dhaonmhúsaeim d’Éirinn plean imlíne le chéile do bhunú daonmhúsaeim náisiúnta. Mhol an plean seo go mbeadh leithéid an Musée National des Arts et Traditions Populaires i bPáras na Fraince mar mhúnla dó agus go mbunófaí an músaem i mBaile Átha Cliath mar gheall ar dhaonra mór na háite, institiúidí gaolmhara eile a bheith ann agus fócas an ghréasáin náisiúnta iompair ar an bpríomhchathair.1 Is íorónta an rud é, más ea, nuair a bunaíodh a leithéid de mhúsaem seacht mbliana déag ina dhiaidh sin gur in Iarthar na hÉireann a lonnaíodh é agus go mbeadh músaem Pháras le dúnadh agus le dílárú faoi riocht nua go Marseille mar Musée des Civilisations de l’Europe et de la Méditerranée.2 Músaem Shaol na Tuaithe nó Museum of Country Life a tugadh ar an mbrainse seo d’Ard-Mhúsaem na hÉireann a osclaíodh i Meán Fómhair na bliana 2001 ar fhearann ar le Gearaltaigh, tiarnaí talún tráth, é. Bhí siad siúd tar éis an t-eastát a dhíol le Comhairle Chontae Mhaigh Eo sa bhliain 1993. Tá sé suite i gceantar darb ainm Turlach, tuairim is sé chiliméadar soir ó Chaisleán an Bharraigh. An bailiúchán a bhaineann le Saol Tíre na hÉireann atá mar bhonn leis an Músaem. Is bailiúchán é seo a bhí coinnithe ó shúile an phobail le fada an lá. Bhí correarra ‘saol tíre’ nó eitneolaíochta ag teacht isteach go hArd-Mhúsaem na hÉireann ó bunaíodh é sa bhliain 1890 ach níor tosaíodh ar a leithéid d’earraí a bhailiú níos minice go dtí tréimhse Adolf Mahr. Ostarach ab ea Mahr a ceapadh mar Choimeádaí ar Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann sa bhliain 1927.3 B’eisean Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann idir 1934 agus 1939. Bhí roinnt mhaith suime ag Mahr sa traidisiún béil. Cuir i gcás, b’eisean faoi deara scannán a rinneadh ar dhéantús curraichín de chuid Abhainn na Bóinne sa bhliain 1929, bád atá imithe as úsáid ó shin. Ba faoi stiúir Mahr chomh maith a cuireadh an chéad taispeántas d’earraí an tsaoil tíre ar bun i bpáirt le Coimisiún Béaloideasa Éireann sa bhliain 1937. Ortsgruppenleiter nó ceannaire den pháirtí Nazi in Éirinn ba ea Mahr. Is cosúil gur tugadh ‘Dublin Nazi Number One’ air lena linn Earraí,Airí agus Airgead: Bunú agus Rith Daonmhúsaeim Náisiúnta in Iarthar na hÉireann Séamas Mac Philib 144 Séamas Mac Philib féin.4 Tharla go raibh sé ar saoire sa Ghearmáin nuair a bhris an Cogadh amach sa bhliain 1939 agus is ann a d’fhan sé chun dul ag obair le seirbhísí bolscaireachta raidió an Stáit a bhí dírithe ar Éirinn. Le himeacht Mahr, níor cuireadh dlús faoi bhailiú chultúr ábhartha shaol na tuaithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann arís go dtí gur ceapadh A.T. Lucas mar leaschoimeádaí sa bhliain 1949. Bhí Lucas ag feidhmiú i Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann mar leaschoimeádaí cheana ach ceapadh é le ról faoi leith chun earraí eitneolaíochta de chuid shaol na tíre a bhailiú. Sa bhliain 1949 a tosaíodh ag coinneáil clárleabhar ar leith don airnéis seo. Faoi Lucas a bailíodh na mílte earra eitneolaíochta, cuid de na samplaí is fearr dá leithéid a tháinig isteach riamh sa Mhúsaem ina measc. Tá go leor acu ar taispeáint i Músaem Shaol na Tuaithe i láthair na huaire. Rinneadh stiúrthóir ar an Músaem ar fad de Lucas sa bhliain 1954 ach má rinneadh, lean sé air ag bailiú agus ag déanamh taighde san eitneolaíocht agus chuir sé cúpla scór alt taighde amach sa tréimhse chéanna. Ceapadh leaschoimeádaithe eile i rannóg na heitneolaíochta sna seascaidí, John O’Sullivan agus Tim O’Neill. Ansin sa...

Share