-
Seanchas na Fiosrachta agus Léann an Dúchais
- Cork University Press
- Chapter
- Additional Information
Deirtear gur i bhfad ó bhaile a bhíonn na hiontais agus is beag amhras ach gurb é an curiositas, an cinseal, an chaidéis, an fhiosracht nó an fhiafraitheacht, bunús léann an dúchais. Is é an modh taighde is fiannaí ar domhan é.1 Siúd is nár tháinig cruth nua-aoiseach dó go dtí na blianta idir 1500 agus 1800 ní foláir nó tá sé comhaois leis an duine féin. Is mó cor, casadh agus deirc ar bhóthar an léinn áirithe seo. Tugann sé ón rí go dtí an rámhainn, ón mbanríon go dtí an chuigeann, ó sheanGhael go nuaGhall, ó sheanGhall go dtí nuaGhael, ó sheanléann na hÉireann go dtí léann nua-aoiseach an domhain sinn. Tuigtear do staraithe na hantraipeolaíochta go mbíodh a bheag nó a mhór den fhiosracht ag gabháil steallaidh den duine daonna ó thosach. Is breá lena chroí tuairisc na gcomharsan a fháil: They have gossiped about them, fought them, married them and told stories about them. Some of these stories or myths have been written down. Some writings were later criticized as inaccurate or ethnocentric (or flatly racist). Some stories were compared with others, about other peoples, leading to more general assumptions about ‘people elsewhere’.2 Is fánach a bheith ag iarraidh méar a leagan ar an nóiméad dearg nó ar an mball díreach inar thosaigh dámh nua-aoiseach an bhéaloidis, na heitneagrafaíochta nó an léann dúchais. Is le Herodotus (c. 484–425), fear a rugadh i mbaile beag Gréagach ar chósta iardheisceart na Tuirce, a thosaíonn eachtra an tseanchais go minic. Fear siúlach scéalach a bhí ann a raibh tabhairt amach aige ar na ciníocha a theagmhaigh leis na Gréagaigh ón Áise go dtí an Éigipt. An Teanga agus an Litríocht In Éirinn tá fianaise na teanga againn gur thagair an téarma coimcne do sheanchas an léinn cúpla míle bliain ó shin. Deir Gearóid Ó Crualaoich, ceann an léinn seo i gCorcaigh ar feadh i bhfad, ‘it emphasizes both the sharing of cultural knowledge and the central 79 Seanchas na Fiosrachta agus Léann an Dúchais Stiofán Ó Cadhla importance of the knowledge shared; such knowledge being necessary for the comprehension of life experience and the proper conduct of social life’.3 Aistrítear coimcne go Béarla mar antiquarian lore nó historical knowledge sa Dictionary of the Irish Language. An té a chuirfeadh roimhe nó roimpi seanchas na fiosrachta a scríobh is dócha gur i muinín na n-eachtraithe agus na n-iomramh a rachfaí ar dtúis. Rinne Aniér Mac Con Glinne suirbhé magúil ar shaol na manach in Aisling Mhic Con Glinne mar shampla: ‘tá trí rud nár cheart gearán orthu san eaglais, torthaí nua, beoir nua agus cuid oíche Dhomhnaigh’.4 Ní taise do Bhran Mhic Fheabhail agus aghaidh á tabhairt aige ar an bhfarraige. Shamhlaigh sé an domhan mór taobh amuigh d’oileán na hÉireann, ‘tá trí caoga inis chian, sin oceon uainn thiar, is mó ná Éire faoi dhó, gach aon díobh, nó faoi thrí’.5 Le linn an turas fionnachtana seo tráchtann an fhilíocht ar chluichí, ar cheol, ar fhíon, ar chapaill chorcra agus órbhuí, ar thíortha agus ar shaol eile thar eolas, ar bhruach an bhaile nó ar imeall na samhlaíochta féin.6 Is ábhar suime go n-úsáidtear an focal iasachta oceon anseo, an Laidean oceanus, is é sin an t-aigéan idir an Oίκονµένη, an domhan a bhí ar eolas agus an crios a bhí thar eolas.7 Tá idir sheanchas agus litríocht breac le samplaí d’aistear seo an duine thar a eolas féin. Baineann mealladh, fiafraitheacht agus imní le haon turas, le himirt, le taibhreamh, le haisling, le hoilithreacht (focal a nascann ithir agus eile), le háibhéireacht, le spailpínteacht, le timireacht, le scéalaíocht nó le scannánaíocht féin. Meafar is ea an turas ar bheatha agus ar bhás an duine, idir chroí, anam agus intinn. Is cuma turas nó suirbhé ar shlí, ‘travel is a kind of survey, since the traveler, lacking the self-evidence of his own way of life, has to question many people – and he himself is frequently questioned by his hosts’.8 Chuaigh...