In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

Guí an Phobail Amhráin Bheannaithe Ó Iarthar Chontae na Gaillimhe Ríonach uí Ógáin Is féidir breathnú ar amhráin bheannaithe i gcomhtheács i bhfad níos leithne ná an traidisiún amhránaíochta as féin agus tá léargas le fáil sna hamhráin bheannaithe ar go leor gnéithe dár mbéaloideas cráifeach, dár litríocht bhéil agus dár stair chultúrtha, shóisialta agus chreidimh.1 I gcomórtas le béaloideas cuid mhór tíortha eile aithnítear go forleathan go bhfuil saibhreas ar leith i réimsí áirithe den traidisiún béil. Ar na réimsí seo áirítear an amhránaíocht, an scéalaíocht, creidiúintí agus scéalta sí. B’fhéidir gur fiú a thabhairt faoi ndeara gur an-mhinic an seanchas cráifeach agus cúrsaí creidimh chomh mór sin chun tosaigh sa réimse leathan ábhar seo. Sa mbliain 1942 a foilsíodh A Handbook of Irish Folklore le Seán Ó Súilleabháin den chéad uair.2 Tá le léamh as an leabhar an chaoi a sníonn an seanchas cráifeach tríd an traidisiún ar fad beagnach. Tagann sé go mór chun tosaigh i rannóga áirithe den lámhleabhar, sa rannóg ‘An Pobal’ mar shampla, ina ndírítear aird ar chaidreamh taobh istigh den phobal, ar chleachtadh creidimh agus ar oideachas. Sa gcaibidil ‘Réimse Saoil an Duine’ tá ábhair ar nós ‘deasghnátha an tsaoil’, ‘casadh na marbh’ agus ‘nósmhaireacht agus rialacha i gcreidiúintí agus i gcleachtadh pobail’. Tá rannóg dar teideal ‘daoine a bhfuil cumhachtaí osnádúrtha acu’ agus áirítear naoimh, sagairt, lucht tairngreachta agus lucht leighis anseo. Tagann creideamh an phobail i gceist i rannóga eile nach mbeifí ag súil leis b’fhéidir. Faoin teideal ‘stoc agus barraí a chosaint’ tagaimid ar thagairt do ‘uisce coisreacan nó luaithe a chroitheadh ar na beithigh nó ar chlaí teorann nó sna garrantaí mí na Bealtaine mar chosaint’. Faoin luibhsheanchas déantar tagairt d’aiteann Muire a bhfuil sé ráite faoin té a chaithfidh é nach mbainfear barrthuisle as. Sa mbliain 1952 foilsíodh an bailiúchán Scéalta Cráifeacha le Seán Ó Súilleabháin.3 Léiriú atá sa mbailiúchán sin ní hé amháin ar thóir an phobail ar an gcineál seo ábhair ach ar ról lárnach an tseanchais bheannaithe i dtraidisiún béil na hÉireann trí chéile. Tá suas le 200 scéal ann a bailíodh i nGaeilge idir na blianta 1935 agus 1950 agus mórán téamaí agus móitífeanna morálta iontu a bhfuil cuid acu sna 36 Guí an Phobail 37 hamhráin bheannaithe freisin. Mar sin, ní féidir breathnú ar an amhránaíocht bheannaithe aisti féin amháin. Faoi mar a tharlaíonn le cineálacha eile amhrán, tá baint ag na hamhráin bheannaithe le cuid mhór gnéithe eile den traidisiún, go díreach nó go hindíreach. Tá pointí a bhfuil tábhacht faoi leith leo maidir leis na hamhráin bheannaithe i dtraidisiún na hÉireann agus tá baint lárnach ag gach aon cheann acu le stair bhailiú an bhéaloidis sa tír seo. Ba Chaitlicigh iad ó thaobh cúlra agus tógála de na bailitheoirí lánaimseartha a bhí ag obair i gCoimisiún Béaloideasa Éireann ón mbliain 1935 go dtí 1971 agus gach seans go mba náisiúnaithe a bhformhór i dtéarmaí polaitíochta freisin. É sin ráite, bhailigh cuid mhór acu ó dhaoine a raibh réimsí éagsúla creidimh agus polaitíochta acu agus bhí na bailitheoirí cairdiúil chomh maith le daoine ó gach uile chineál cúlra. Sa leabhar Narrative Singing in Ireland tá tagairt do ‘transmitted cultural legacy’4 maidir le hamhráin agus le hamhránaíocht. Tugtar mar shampla de seo suíomh ina raibh an t-údar féin ag taifeadadh amhráin i ngrúpa ina raibh os cionn fiche duine agus gan ach neamhChaitliceach amháin ina measc. Ba Chaitlicigh an chuid eile. Dúirt gach amhránaí roinnt mhaith amhrán don bhailitheoir agus is cosúil gur fearr a thaitnigh bailéid na Breataine, sean agus nua, leis an bProtast...

Share