-
Réamhrá
- Cork University Press
- Chapter
- Additional Information
Fear a bhfuil a fhréamhacha go doimhin ina bhaile dúchais is ea Gearóid Ó Crualaoich. Is deacair neamhshuim a dhéanamh de gur Corcaíoch é, a tógadh i dteach beag ar an gCrochta Mór, in aice an Locha. Más ón gcathair é, chaith sé an chéad dá bhliain déag dá shaol sa teach sin nach raibh sa chathair ná faoin tuath dáiríre, ach ar an teorainn eatarthu: mar atá ráite aige féin, chodlaíodh sé faoin tuath agus d’itheadh sé a bhricfeasta sa chathair. Ba mhaith an comhartha é sin: bheadh sé ina scoláire ildánach ar ball, ina bhéaloideasaí a d’aimsigh an gort taighde faoin tuath agus sa chathair. Fear é atá ag baile ar na Gorta Dubha i gCorca Dhuibhne agus i Muintir Bháire i mBéarra, i gcathair Chorcaí agus i Philadelphia, agus in áiteanna go leor nach iad. D’fhreastail Gearóid ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar bhain sé chéad onóracha amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Lean sé den léann i bhfad ó bhaile, mar mhac léinn iarchéime i gceann de na hollscoileanna is sine agus is mó gradam sna Stáit Aontaithe, Ollscoil Phennsylvania. Bhí sé meáite ar thráchtas a scríobh ar rian na Gaeilge ar úrscéal an Bhéarla in Éirinn sa 19ú haois ach tharla gur thóg sé cúrsaí sa teangeolaíocht agus san antraipeolaíocht agus b’amhlaidh a mealladh é go dtí an roinn nua i léann an bhéaloidis, áit ar chuir sé aithne ar scoláirí móra ar nós Mac Edward Leach agus Kenneth Goldstein. D’fhág na blianta a chaith sé i Meiriceá a rian air, faoi mar a d’fhág ar mhórán a bhí ann le linn na 1960í. D’fhill an fear óg ar Éirinn ina scoláire béaloidis a raibh a chuid féin déanta den teangeolaíocht agus den antraipeolaíocht aige, rud a d’fhág ina bhéaloideasaí an-neamhghnách é ó thaobh na hÉireann de. Lean sé den antraipeolaíocht níos déanaí in ollscoil ghradamach eile, i Sasana an uair seo, an London School of Economics, agus chas sé ar an teangeolaíocht nuair a chaith sé tréimhse ag obair in Institiúid Teangeolaíochta Éireann i mBaile Átha Cliath. B’as Coláiste Oideachais Thuamhumhan (atá anois ina chuid d’Ollscoil Luimnigh), áit a raibh sé ag múineadh na Gaeilge ann, is ea a d’fhill sé ar a alma mater, sa bhliain 1977, chun cúrsa nua a bhunú. Réamhrá Stiofán Ó Cadhla agus Diarmuid Ó Giolláin 1 Teangeolaí, antraipeolaí, scoláire litríochta agus béaloideasaí a bhí sa bhfear a thosnaigh ar an Léann Dúchais a chur ar a bhonnaibh mar ábhar idirdhisciplíneach as Gaeilge, faoi choimirce Bhord na Gaeilge agus Roinn Stair na hÉireann. Bhí an béaloideas le cur ina lár, ábhar nua maidir le hollscoileanna na hÉireann de, gort léinn nach raibh an chéad roinn ollscoile ag plé leis ach le dornán beag blianta (i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath). B’iomaí mac léinn i gCorcaigh ina dhiaidh sin a bhain an chéim amach trí mheán na Gaeilge ar fad leis an dá ábhar, an Léann Dúchais agus an Ghaeilge. D’fhéadfadh mic léinn staidéar a dhéanamh ar an mbéaloideas go dtí leibhéal na dochtúireachta feasta, agus ar ball tugadh an rogha chéanna do Bhéarlóirí. Is mar sin a bunaíodh traidisiún léinn eitneolaíochta a d’eascair as an mball sin ar tháinig an teangeolaíocht, an antraipeolaíocht, léann na litríochta, léann na Gaeilge, an stair agus léann an bhéaloidis lena chéile ann, ball nach mbeadh in aon chor ann murach gur cheap Gearóid Ó Crualaoich é. Bhí an traidisiún sin léinn dílis d’aisling faoi leith d’Éirinn, ómós aige don traidisiún Gaelach agus d’Éirinn Ghaelach an lae inniu ach meas aige ar gach traidisiún Éireannach agus é oscailte i leith an domhain mhóir. D’éiligh sé caighdeán dianmhachnaimh agus critice go háirithe, a thiocfadh as dul i ngleic go leanúnach leis na teoiricí agus leis...