In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

Bhí a léamh féin ag Gearóid Ó Crualaoich ar an léann dúchais, ar an mbéaloideas agus ar an eitneolaíocht. Ar an ócáid seo ba mhaith liom aghaidh a thabhairt ar ról na ndisciplíní seo, sa todhchaí, san acadamh agus sa ghnáthshaol araon. Pléifidh mé na deiseanna a bhaineann le staidéar an bhéaloidis lenár linn. Beidh féidearthachtaí nua amach romhainn maidir leis an gcaoi ina ndéanaimid taighde sa ghort, agus anailís agus scaipeadh ar an ábhar. Tá athruithe bunúsacha tagtha ar an tslí ina dtuigimid an caidreamh idir áiteanna, daoine agus cultúir. Eascraíonn na hathruithe seo ó athruithe i gcóras eagrúcháin an phobail. Cad air ba cheart dúinn staidéar a dhéanamh? Cá bhfuil ‘an gort’ a mbímid ag caint go minic air? Cad iad na tuiscintí ar cheart dúinn a spreagadh i scoláirí maidir le fiúntas cheird an eitneagrafaí? Ba mhaith liom cuid de na gnéithe seo a phlé agus sracléaráid a dhéanamh ar bhealaí áirithe inar féidir linn cur le hobair Uí Chrualaoich. Chuige seo beidh mé ag plé go háirithe leis an dtaobh den disciplín a bhaineann úsáid as modhanna agus as cur chuige eitneagrafaíochtúil chun léargas a fháil ar chruthú tuisceana agus ar chur in iúl sa domhan laethúil. Tá buanna agus dualgais a ghabhann le bheith ‘sa ghort’, ag éisteacht agus ag caint i ngnáthchomhrá nó in agallamh, ag faire nó ag glacadh páirte in imeachtaí éagsúla. Cothaíonn na dualgais agus na buanna seo tuiscint faoi leith ar fheiniméan, ar phróiseas, ar dhéanamh agus ar ionannas na tuisceana féin. Conas a chuireann tuiscint dá leithéid le réimse an léinn agus leis an saol inar rugadh í, le réimse leathan an phobail uile? Is iomaí slí atá ann chun staid chomhaimseartha na heitneagrafaíochta a chur in iúl. Níor mhiste cuid acu a mheabhrú i dtosach, an éiginnteacht atá ann maidir le hathruithe sa disciplín traidisiúnta mar shampla. An méadú atá tagtha le tamall de bhlianta anuas ar imirce na ndaoine agus ar leaganacha de chultúr an duine ar leibhéal domhanda. An glacadh fairsing atá leis an eitneagrafaíocht féin mar mhodh fiúntach oibre nó taighde agus, ar deireadh, an t-athrú mór ar chúrsaí teicneolaíochta a théann i bhfeidhm ar an gceird. Chítear Éist le Ceol na hAbhann Ceird na hEitneagrafaíochta sa Lá atá Inniu ann Clíona O’Carroll 161 162 Clíona O’Carroll dom, tríd is tríd, go bhfuil na haidhmeanna seo a leanas i gceist; (i) tuiscint ón dtaobh istigh a fháil ar phróiseas an chultúir i ngrúpa faoi leith; (ii) teoiric shóisialta chultúrtha a mheas, a fheabhsú nó a shaibhriú agus béim ar ghné na brí; (iii) cur le polasaithe sóisialta ar leibhéal feidhmeach; (iv) dul i ngleic le grúpa sa chaoi is go ndéantar rud dearfach de dhéanamh na heitneagrafaíochta féin ina measc; (v) féachaint ar phobail, ar ghrúpaí agus ar a gcuid léirithe cultúrtha; (vi) pobail agus a gcuid léirithe cultúrtha a cheiliúradh (agus an t-easaontas a chur san áireamh); (vii) ceisteanna cuí a chur mar gheall ar phróisis seo an bhailithe agus an chaomhnaithe; agus (viii) caidreamh a chur ar bun leis an earnáil phoiblí mar thráchtairí sóisialta, mar ghníomhaitheoirí cruthaitheacha agus mar láithreoirí an ghnáthshaoil agus an chultúir. Athruithe sa Ghort Traidisiúnta Pé gné den scéal is tábhachtaí don taighdeoir aonair, ní mór a aithint gur gníomh í an eitneagrafaíocht a bhíonn ag feidhmiú i slite éagsúla agus go bhfuil dualgas na scáthántachta ag dul léi. Deir Denzin mar shampla: Ethnography is a not an innocent practice. Our research practices are performative, pedagogical, and political. Through our writing and our talk we enact the worlds we study. These performances are messy and pedagogical. They instruct our readers about this world and how we see it. The pedagogical is always moral and political, by enacting a way of seeing and being, it challenges, contests or endorses the official...

Share