In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

Más mian le duine staidéar a dhéanamh ar chultúr na cosmhuintire roimh an nua-aois, ar cheann de na fadhbanna is túisce a éiríonn tá ceist na bhfoinsí: cá bhfuil cur síos nó eolas ar an gcultúr sin le fáil? Ar ndóigh, ní le hÉirinn amháin a bhaineann an fhadhb seo. San Eoraip go ginearálta, cultúr béil ab ea cultúr an phobail, agus ní fhágann cultúr béil mórán iarsmaí ina dhiaidh. Sna cásanna seo, faraor, tá muid ag brath cuid mhór ar chuntais a d’fhág finnéithe a bhí lasmuigh den chultúr sin, finnéithe léannta a bhí scartha amach uaidh dá réir. Den chuid is mó, tá na cuntais seo naimhdeach agus diúltach. Cáineann siad gnéithe áirithe de chultúr an phobail. Is mó cuntas atá againn ó chléir na n-eaglaisí éagsúla ón séú céad déag ar aghaidh mar shampla, institiúidí a bhí ag iarraidh leasuithe creidimh agus cleachtadh a chur chun cinn agus a chur go láidir i gcoinne cultúr pobail a shíleadar bheith róthugtha don draíocht nó don ragairne. Ó lár an ochtú céad déag, áfach, tagann sórt eile finnéithe chun cinn, daoine a thug cuntas léannta ar chultúr an phobail a bhí báúil leis an gcultúr nó le gnéithe áirithe de. Ba iad seo na seandálaithe agus na réamhbhéaloideasóirí a bhí faoi anáil an rómánsachais agus an náisiúnachais.1 I gcultúr an phobail a bhí spiorad ársa an náisiúin nó go deimhin an chine dhaonna uile, le feiceáil dar leo seo.2 Chruthaigh na finnéithe éagsúla seo a n-íomhá féin de chreideamh agus de chleachtadh an phobail. Rinne siad roghnú agus cur síos claonta go minic ar ghnéithe áirithe díobh. Is géirede an gá, dá bhrí sin, atá le fianaise éigin, dá laghad é, uathu siúd a bhí laistigh den chultúr. Ní hé sin le rá, ar ndóigh, go mbeidh an fhírinne lom le fáil ina leithéid d’fhianaise. Sa chéad áit, bíonn cúinsí eisceachtúla ag baint le finnéithe ar bith den tsórt. Bhí scríobh acu, mar shampla, nó thángadar os comhair cúirt dlí a chaomhnaigh a gcuid ráiteas. Sa dara háit, níorbh ionann gach uile dhuine den chosmhuintir agus beidh difríochtaí idir fhinnéithe de réir inscne, aoise, gairme agus a leithéid. Is amhlaidh le cultúr na cosmhuintire Gaelaí sa tréimhse roimh an nGorta Mór. Níl ganntanas cuntas nó tuairimíochta ann uathu siúd a chuaigh i ngleic Bacaigh agus ‘Boccoughs’: Fianaise ar Chultúr na Gaeilge sa Naoú Céad Déag Niall Ó Ciosáin 116 Bacaigh agus ‘Boccoughs’ 117 leis ón taobh amuigh. Bhí an eaglais Chaitliceach ag cur in aghaidh gnéithe de chreideamh na ndaoine le céad bliain nó níos mó, ag cáineadh nósanna cosúil le tórraimh agus pátrúin, agus bhí seandálaithe agus réamhbhéaloideasóirí ag déanamh taighde agus ag foilsiú a gcuid tuairimí go flúirseach ó na 1820í ar aghaidh. Tá teacht ar chuntais inmheánacha i bhfoirm lámhscríbhinní Gaeilge. Maireann go leor lámhscríbhinní ón gcéad leath den naoú céad déag. Ar ndóigh, ba eisceachtaí i measc phobal na Gaeilge sa chéad sin iad siúd a raibh scríbhneoireacht acu. Chun teacht ar fhianaise ón gcultúr béil, baineann staraithe agus béaloideasóirí úsáid as sórt eile foinse, is é sin na cuimhní cinn a bailíodh níos déanaí, ag deireadh an naoú céad déag agus sa chéad leath den fhichiú aois, atá le fáil go háirithe i mbailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann. Tá an cur chuige seo le feiceáil mar shampla sa taighde atá déanta ar nósanna tórraimh in Éirinn, ar nós an bhunleabhair thagartha ar an ábhar, Caitheamh Aimsire ar Thórraimh le Seán Ó Súilleabháin, a foilsíodh sa bhliain 1961. Ar thaobh amháin den scéal tá foins...

Share