In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

review: ‘Inquisitio 1584’ Le Máire Mhac an tSaoi1 ‘Inquisitio 1584’ Sa mbliain sin d’aois ár dtiarna tréas an choir, is a thailte Cúig céad déag ceithre fichid, Do tugadh ar láimh strainséara, nó blianta beaga ina dhiaidh sin, Is anois fé bhun Chruach Mhárthan Seán mac Éamoinn mhic Uiliuig, níl cuimhne féin ar a ainm, Lámh le Sionainn do crochadh. Fiú cérbha díobh ní feasach ann. Lámh le Sionainn na scuainte nára corrach do shuan, I Luimnigh, cathair na staire, a Sheáin mac Éamoinn mhic Uiliuig Seán mac Éamoinn mhic Uiliuig, ar bhruach na Sionainne móire, aniar ó pharóiste Mhárthan, nuair shéideann gaoth ón bhfarraige Ba thaoiseach ar Bhaile an Fhianaigh. aniar ód cheantar dhúchais.2 Is ar éigean atá dán dá bhfuil de dhánta i Nuabhéarsaíocht* is minicí a thagann os comhair m’aigne ná ‘Inquisitio 1584’ó pheann Mháire Mhac an tSaoi,agus níl uair dá dtagann ná go dtugaim taitneamh dó. tá dánta eile sa leabhar luachmhar san a bhfuil níos mó sonnrachais ag roinnt leo, ach má tá féin ní thagaid thar n-ais chun na cuimhne chomh minic leis, chun mo chuimhne-se ach go háirithe, agus ní hí an fháilte chéanna a gheibhid ar a dteacht. Cad fé ndear an síor-fhilleadh agus an taitneamh? na tréithe is cúis leis an síorfhilleadh agus an taitneamh, táid chomh soiléir sin sa dán gurb ar éigean is gá aon iniúchadh cruinn a dhéanamh orthu ach amháin iad a dheighilt óna chéile agus focal nó dhó a rá orthu ina dtréith agus ina dtréith. os cionn píosa ceoil is minic ná feicimid mar theideal ach ‘op. no. 2’ nó a leithéid, agus os cionn lirice ‘Soinéad’ nó ‘amhrán’. teipeann ar an gcumadóir, ar an bhfile, teacht ar theideal a chuirfeadh le brí a iarrachta, nó tuigtear dó nach gá teideal ar bith. ní mar sin don dán so. Gan ‘Inquisitio 1584’ a bheith os a chionn ní thuigfimis é. Cuid cheart den dán isea é, agus cuid tábhachtach. oibríonn sé ar shamhlaíocht an té a thuigeann é go díreach fé mar a dhéanfadh prelude do phíosa ceoil – dornán de chórdaí, abair. Cuireann a leithéid ár n-aigne in oiriúint chun glacadh le brí an ceoil; agus is minic a dhéanann prelude níos mó ná san. Is minic is ionann agus dúshlán é, isé sin is ionann agus caighdeán é: tugann sé slat tomhais don 86 Daniel Corkery’s Cultural Criticism. Selected Writings * Nuabhéarsaíocht. Sáirséal agus Dill, Foilsitheoirí Gaeilge, Baile atha Cliath. 7s. 6d.3 lucht éisteachta. Is mar sin don teideal ‘Inquisitio 1584’. B’fhearr liom i nGaeilge é ná sa Laidin, ach ní fheicim go bhféadfaí teacht ar fhocal Gaeilge fé láthair a mbeadh baint aige le cúrsaí dlí agus cúrsaí staire agus le ré áirithe aimsire chomh maith. ní hé sin amháin é, ach tá blas na croinice, blas na stáidiúlachta ar an bhfocal inquisitio féin. Idir seo agus siúd tá an teideal rícheart . tá dhá chuid sa dán – trí bhéarsaí agus ceangal.tá na trí bhéarsaí ar dhul fé leith. tá an ceangal ar an ndul gcéanna i bpáirt méadair agus ceoil agus urlabhra dhe; ach maidir le spiorad tá sé ar dhul is airde, is treise, is paisiúnta. Chífimid ar ball fé mar a théann an ceangal do na bhéarsaí sin. agus ní trí sheans atá an difríocht idir an dá chuid ann; agus difríocht suaithinseach isea í. Chífimid é sin freisin. Uaireanta déanann péintéir stánadh agus síor-stánadh ar an bpictiúir a bhíonn idir lámhaibh aige. níl ag éirí leis; agus ní ró-chruinn a thuigeann sé cad í an léic atá ann. ansan cuireann sé, abraimis, iarracht eile de dhath ar bhall airithe den bpictiúir – é eaglach go loitfidh sé é. ach ní i gcónaí a loiteann. Uaireanta chíonn sé láithreach go bhfuil aige. ‘tá agam’, adeireann sé go buachach. ach cad é a bhíonn aige? aon rud amháin, dar lena...

Share