-
Translations: Haiku by Robert Bebek
- Éire-Ireland
- Irish-American Cultural Institute
- Volume 35, Number 1&2, Earrach/Samhradh / Spring/Summer 2000
- pp. 27-28
- 10.1353/eir.2000.0004
- Article
- Additional Information
TRANSLATIONS BY GABRIEL ROSENSTOCK 27 HAIKU BY ROBERT BEBEK TRANSLATED BY GABRIEL ROSENSTOCK grian na maidine — beannaím do dhaoine nach n-aithním fiú seanchrann almóinne ní féidir a phiotail a aithint thar an sneachta go seascair sámh sa dos leitíse seo istigh — seilide beag ceo sléibhe — osclaíonn préachán a ghob giob ní labhrann ag filleadh dó ón ngort — broimeanna an asail ar aon chéim lena shiúl gan ach cúpla úll i mbarr an chrainn seo — is gealach lán linntreog réaltógach léimeann loscann ó réiltín go chéile i marbhán na hoíche fuaim na péitseoige aibí ag titim go talamh TRANSLATIONS BY GABRIEL ROSENSTOCK 28 ceo ag titim . . . barr na giolcaí amháin ag gliúcaíocht ón seascann fuineadh lae gearrann feirmeoir fíor na croise air féin sa bhranar ina Oisín i ndiaidh na Féinne — frog óg i lár na tintrí moillíonn grian na maidine tamall ar uaigh an strainséara braon dearg, braon glas, braon dubh — cumhracht na rósanna aiteall agus i ngach lochán uisce grian eile ar an aon ghéag amháin sin nár bhláthaigh go fóill féileacán aonair ...