In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

POEMS TRANSLATED BY BREANDÁN Ó DOIBHLIN INIS FRAOIGH AN LOCHA Seo liom anois is siar liom, is siar go hInis Fraoigh Is bothán beag a thógáil ann de dhéantús cleath is cré. Naoi n-iomaire agam de chur ann, is mil na mbeach ina slaod. Is mairfead liom féin i gcoill na mbeach is na ngéag. Is ann a bheidh síocháin agam, óir is righin mall a triall Ina brádán ó bhéal na maidine go seineann an dreoilín teas, Bíonn dubh na hoíche ina ghealán ann, is meán lae ina chráindó caor Is an nóintráth beo le seabhrán gealbhán glas. Seo liom anois is siar liom, mar cloisim d’oíche is de ló Plabarnach bhog uisce le cladach locha is linn. Im’ sheasamh dom ar an bhealach nó na sráideacha gan só Is clos dom é i gcomhad ciúin an chroí. The Lake Isle of Inisfree by W.B. Yeats MAIRIMIS BEO, A LESBIA . . . Mairimis beo, a Lesbia liom, a’s bímis seal le sáile, A’s scéal scéil uile na seanóirí stuaimstaidéartha, Measaimis ar luach na haon cianóige rua. Féadann grianta dul faoi agus éirí ar maidin; Sinne, a luaithe a chlaonann ár léas gearr siar. Aon oíche bhuan go deo is dual dúinn codladh. Tabhair dom míle póg a’s céad iar sin, Míle le cois a’s air sin an dara céad, TRANSLATIONS BY BREANDÁN Ó DOIBHLIN 18 Go fiú fós an dara míle, a’s iar sin céad. Ansin, a’s na mílte móra inár gcuntas, Caillimis an comhaireamh sa chaoi ná feadramar a suim A’s nach bhféadann neach drochamharc a dhéanamh orainn, An tan is eol dóibh iomadlíon ár bpóg. Vivamus, meas Lesbia . . . by Catullus MIGNON An eol duit an chríoch a mbíonn an líomóid faoi bhláth. Oráistí ar chraobha ann mar chaora óir faoin scáth, Feothán gaoithe ag gluaiseacht as gormlár na spéir’, an miortal ciúin go húr ann a’s an labhras léir? An eol duit mar atá? Is ann, is ann A b’áil liomsa triall mar aon leat, a ghrá a’s a ghreann! An eol duit an teach? Ar stuara a luíonn an díon, An grianán lonrach, an seomra istigh ina laom, A’s dealbha marmair ina seasamh ‘mo bhreathnú le tocht: Cen fáth an gol sin ort, a rud bheag bhocht? An eol duit mar atá? Is ann, is ann A b’áil liomsa triall mar aon leat, a chosnaí theann! An eol duit an sliabh, a’s néalta ag ceilt an treo, Crúba na miúile ag gliúmáil rompu sa cheo, Pluaiseanna ársa is gnáthóg d’ál na bpiast A’s duibheagáin aille ina scairdeann an tuile síos. An eol duit mar atá? Is ann, is ann Is dual dúinn triall! A Athair, beir leat do chlann! Mignon by J.W. von Goethe ed note: These translations first appeared in the Irish-language monthly Comhar in 1992. TRANSLATIONS BY BREANDÁN Ó DOIBHLIN 19 ...

pdf

Share