In lieu of an abstract, here is a brief excerpt of the content:

  • Siombalachas, Teicníocht Liteartha, agus Teoiric in Idir Shúgradh agus Dáiríre le Máirtín Ó Cadhain
  • Brian Ó Broin

In earrach 2006, d'fhoilsigh an nuachtán Foinse liosta den deich leabhar "ab fhearr" i nGaeilge. Níorbh aon iontas é go raibh Cré na Cille, mórshaothar Mháirtín Uí Cadhain, ar an liosta, ach ba shuntasach an díospóireacht a bhain leis, go háirithe an méid a dúirt an Dr. Róisín Ní Ghairbhí i ndíospóireacht raidió faoin liosta i rith Seachtain na Gaeilge, 2007. Rinne sí tagairt don leabhar mar mhórshaothar foclóireachta. Dar léi, níor litríocht é.1

Cloistear tuairimí mar seo faoin gCadhnach agus faoina shaothair go minic, ach is minic cloiste ó lucht neamhghaeltachta iad thar eile, go háirithe iad siúd a léigh ábhar an Chadhnaigh sular foilsíodh foclóir Uí Dhónaill sa bhliain 1978.2 Is baolach gur róthrom an t-ualach foclaíochta a thagann ó pheann an Chadhnaigh dóibh siúd atá ag lorg na litríochta taobh thiar de. Ní hé nach gá an foclóir don chainteoir dúchais féin, ámh. Fiú do lucht Chonamara, tá focail agus dulta cainte i saothar litríochta Uí Chadhain nach gcloistear sa ghnáthchaint níos mó, ach is lú na deacrachtaí atá ag cainteoirí Gaeltachta meabhair a bhaint as caint charachtar Uí Chadhain, agus ní deacair dóibh an cultúr a sheasann taobh thiar de na scéalta a thuiscint ach oiread.

Is léir gur breathnaíodh ar shaothar an Chadhnaigh mar dhúshlán foclaíochta agus foclóireachta le fada. Chomh fada siar le 1977 bhí Breandán Ó hEithir ag tabhairt le fios gur bheag daoine, fiú múinteoirí Gaeilge, a d'fhéadfadh dul níos faide ná céadabairt Cré na Cille.3 Fiú i 1982, ceithre bliana tar éis foilsiú fhoclóir Uí Dhónaill, b'fhacthas d'Acadamh Ríoga na hÉireann gurbh fhiú gluais a fhoilsiú d'Idir Shúgradh agus Dáiríre. Seo é an t-aon leabhar dá shórt a d'fhoilsigh an tAcadamh Ríoga, cé gur fhoilsíodar cnuasaigh eile a bhailigh foclóirithe i [End Page 115] gceantair áirithe sa Ghaeltacht mar Ros Goill agus Uíbh Ráthach. Is léir gur breathnaíodh ar shaothar Uí Chadhain mar Ghaeltacht bheag ann féin, lena chanúint féin, as a d'fhéadfaí focail agus nathanna suimiúla a bhailiú. Tá an ghluais seo, a chur Séamus Ó Murchú i dtoll a chéile, fós ar fáil ceathrú chéid i ndiaidh a fhoilsithe.4

Cé gur le Cré na Cille a bhain Máirtín Ó Cadhain a cháil amach, d'fhoilsigh sé a chéad saothar i 1939—cnuasach gearrscéalta faoin teideal Idir Shúgradh agusDáiríre. Breathnaíonn aos critice go fuar ar an leabhar anois. Dar le Aindrias Ó Cathasaigh, "ní de thinfeadh na naoi mbéithe a tháinig [na scéalta]."5 Deir Ó Cadhain féin, lena ghnáthbhréagréchúiseacht "ní raibh aoin (sic.) obair sheasta agam agus scríobh mé Idir Shúgradh agus Dáiríre d'uireasa tada eile a bheith le déanamh agam."6

B'fhéidir gurb é ró-umhlaíocht an Chadhnaigh féin is cúis leis an dearcadh sin i leith an leabhair a thugann le fios nach bhfuil sa chnuasach gearrscéalta seo ach díolaim focal agus béaloidis. Seo a leanas mar a chuireann Diarmaid Ó Gráinne síos air:

Is geall le Bíobla Gaeilge é an leabhar (sic.). Cosúil le gach uile Bhíobla ní saothar éasca é le léamh. Dá n-imeodh an Ghaeilge de sheol na braiche ar maidin bheadh sé chomh dócha lena athrach go bhféadfaí í a athbheochan i dtír choimhthíoch éigin ar bhun an leabhair seo, díreach mar d'athbheoigh na Giúdaigh an Eabhrais ar bhun an Bhíobla. Sin a chuir ar Tomás Bairéad a rá go raibh 'an iomarca Gaeilge' sa leabhar. Sin moladh nach beag...

pdf

Share